Is éard is ursain[1] ann ná an múnla ceartingearach ar thaobh dorais, fuinneoige nó oscailte eile, nach bhfuil colún ná piléar balla eile ann. Nuair a bhíonn sí báite sa mballa, mar a bhíonn in ailtireacht Ghotach, tugtar spré nó giall uirthi. Maidir leis an bhfráma Clasaiceach dorais nó fuinneoige a ghobann amach ón mballa, tugtar fordoras air sin uaireanta.[2]